 | Oireachtas na Gaeilge - Eagraíonn Oireachtas na Gaeilge raon leathan imeachtaí i rith na bliana chun na healaíona dúchais a cheiliúradh trí mheán na Gaeilge. Trí fhéilte, comórtais, ceardlanna agus imeachtaí eile a reachtáil tugtar aire do gach aon ealaín thraidisiúnta, idir amhránaíocht, cheol, rince, litríocht, scéalaíocht agus dhrámaíocht.. |